Deep History, Deepening Collaborations
3 Réamhrá Sheol mé féin agus an Taoiseach Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann ar an 27 Meitheamh 2022 agus chuimhnigh muid ar na haschuir iontacha amach is amach a bhaineann le tionscadal taighde Ó 2022 Amach mar oidhreacht bhuan do Dheich mBliana na gCuimhneachán. Cuirim fáilte roimh an gcéim nua oibre trí bliana seo ó 2023 go 2025 a bhfuil tacaíocht aici ó mo Roinn faoi Thionscadal Éireann 2040, rud a chuirfidh leis an méid atá bainte amach go dtí seo, a chuideoidh le tuilleadh taighde agus comhoibriú leanúnach a dhéanamh agus ag an am céanna a spreagfaidh comhpháirtíochtaí úra agus nithe nua a aimsiú. Leis an gcéim nua oibre seo, neartófar agus feabhsófar an comhoibriú atá ag méadú le príomh- chomhpháirtithe cartlainne an tionscadail - Thuaidh- Theas agus Soir-Siar - agus le heagraíochtaí eile atá ag glacadh páirt ar fud an domhain. Cuireadh barr feabhais go láidir ar an acmhainn atá ann chun nithe nua cartlainne a aimsiú agus ar rannpháirtíocht ar fud an tionscadail tríd an tacaíocht, flaithiúlacht agus díograis sheasmhach atá acu chun a gcuid saineolais, acmhainní agus bailiúchán cartlainne a roinnt. Mar choimeádaithe oidhreacht shaibhir na hÉireann, thug na comhpháirtithe sin cúnamh sárluachmhar chun Éire a bhunú mar cheannaire domhanda i réimse téarnaimh oidhreachta cultúir agus cartlanna digiteacha a scrúdú ar bhealach cruthaitheach. Táim an-bhuíoch díobh as bheith páirteach agus as a rannpháirtíocht dhearfach. Leis an tionscadal Ó 2022 Amach, tugadh nuálaíochtaí cruthaitheacha agus ceannródaíocha sa ríomheolaíocht, disciplín na scoláireachtaí agus an taighde stairiúil, an réimse cartlann, cultúir agus oidhreachta agus cur chuige réamhghníomhach samhlaíoch i leith rannpháirtíocht pobail le chéile go stuama. Osclaíodh an cur chuige iomlánaíoch seo le chéile agus athraíodh ó bhonn an chaoi a dtéann muid i mbun oibre le bailiúcháin chartlainne. Is féidir le daoine de gach aois dul siar chuig na seanlaethanta go héasca agus iniúchadh a dhéanamh ar an scéal casta ar cé muid féin agus cé as a tháinig muid ar bhealach atá fiúntach agus pearsanta dóibh. Leanfar ag tabhairt faoi nuálaíochtaí teicneolaíochtaí iontacha sa chéad chéim eile oibre chun foinsí nua cartlainne a aimsiú, a dhigitiú agus a chur ar fáil go héasca, rud a chuirfidh feabhas agus a dhéanfaidh méadú as cuimse ar an Maoinchiste Annála Samhalta atá athchruthaithe. Tá buanna saibhre cartlainne ag seilfeanna fíorúla an Mhaoinchiste atá bainteach le gach paróiste agus pobal ar an oileán, rud a thabharfaidh rochtain do gach duine ar fhoinsí barántúla fiúntacha a bhaineann le stair choiteann na hÉireann. Is í Cartlann Náisiúnta na hÉireann i gcomhar le cartlannaithe agus bainisteoirí taifead an Rialtais Áitiúil a reáchtálfaidh an snáithe nua taighde ‘Ceantair agus Pobail’. Tá ríméad orm go mbeidh seónna bóthair agus cláir staire áitiúla á gcur ar fáil ar fud na tíre i gcomhar leis na leabharlanna contae agus an pobal ginealaigh sa bhaile agus thar lear. Cuirim fáilte roimh an gcomhoibriú nua go háirithe don chéim seo den tionscadal leis an Roinn Oideachais a thabharfaidh an Maoinchiste Annála Samhalta isteach chuig bunscoileanna agus iar- bhunscoileanna chun deis iontach a thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga chun iniúchadh a dhéanamh ar an am atá caite ar bhealach samhlaíoch idirghníomhach agus iontach. Mar fhocal scoir, ba mhaith liommo bhuíochas a chur in iúl d’fhoireann taighde an tionscadail atá faoi mhaoirseacht chineálta an Dr. Peter Crooks agus an Dr. Ciarán Wallace agus a léirigh go raibh a leithéid d’uaillmhian, inspioráid, fiosracht agus díograis acu lena linn. Tá fás tagtha ar an Maoinchiste Annála Samhalta agus ar a bhailiúcháin chartlainne ar an mbealach is spéisiúla agus ceapaimse gur fíor a rá go bhfuil sé níos fearr ná mar a raibh gach duine ag súil. Guím gach rath oraibh ar fad sa chéim nua seo den tionscadal agus tá mé ag súil leis na nithe nua iontacha aimsithe atá le nochtadh a fheiceáil. Catherine Martin T.D. An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy MTQzNDk=